Forfhógra

Chun gach file fáidhiúil, fíor eolach, dea-chainteach, binn briatharach. Seo cómhairle nó b’féidir ordú uaimse Uachtarán ar Chúirt na h-Éigse – Sin Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn atá anois trí bliana agus nócha ar an saol agus fós ag cleachtadh an traidisiún ársa a chuaidh in éag.  Cuirim de dhualgas oraibh a dhaoine léigheanta, fileata, go bhfuil rithim, meadaracht agus clisteacht focal le brí in bhur gcloiginn, bhéarsaí a scríobh go mbainfeadh an comhluadar, le mór bhuíochas, meidhir, greann agus taitneamh astu.

 

Betsy Ní Shuibhne, Leas Uachtarán